Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bíonn tae aca fé dó ar feadh na h-oidhche.
Bíonn coinnle ar lasadh in aice an choirp ar feadh na h-oidhche. Bíonn dhá ceann deug ag lasadh agus ceann amhain muctha.
Uaireanta thagann na mná caointe agus bíonn siad ag gol agus ag innsint deagh-sgeul mar gheall ar an ndhuine marbh.
Sean nósa do beadh iad seo.
Ag tabhairt amach phiopaí agus gal do tógaint as.
Gac duine a thagann go dtí an tórramh coinneal do tabhairt ann.
Tá sgeul mar geall ar torramh againne. Bí cailín ann fadó posaidh sí í i bhfad ó bhaile. Taréis roinnt blian fuair sí sgeul go bhfuair a h-athair bás. Bí nós ann an uair sin coinneal do tabhairt go dtí an torramh. Níor thug an cailín aon coinneal leí agus gaibh sí a leath sgeul mar seo.
Mó chreach 's mó stór thú
Sé fé ndear 'dómhsa.
Teacht go dtí an torramh
Gan coinnle beith im dhóirne
Mar do cheangluis go h-óg mé.
Is bodach nac fóganta.
Go mbíonn an glas ar an gcómharthainn
Agus an eocair 'na phóca(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Shiochtháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Míceál Ó Síochtháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí