Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 452

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 452

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe
  2. XML Leathanach 452
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Biadh na Sean-Aimsire
    Ainm an Aithriseóra: Miceál Ó Sioctháin.
    A Seoladh: Baile na Cille.Gleann Beithe
    A Aois: 52 bl.
    Fadó bíodh trí béilí ag na daoinibh ar feadh an lae.
    Bíodh prátaí aca i gcóir an bhreacfacta agus leithe i gcóir an t-súipéir. Do dheinidís an leite le min buidhe agus bainne. Ar dtúis do chuiridis corcán uisge ag beirbhiú agus do mheascaidis an min tríd an uisge agus nuair a bhiodh san beirbhthe do cuireadh siad an bainne tríd agus d'itheadh siad é. Le sliogáin ón bfairrge a d'itdhidís é. Do chuiridis an corcán i lár an úrláir agus do shuidheadh siad mór timcheall air agus d'itheadh gach aoinne mar seó é.
    Biodh taé aca i gcóir na Nodhlagh.
    D'ithidis prátaí agus bainne agus ní itheadh aon fheóil mar ní bhíodh siad ábalta ar é do cheannach.
    D'ithidis arán buidhe agus staimpí do dheinidís é seo le prátaí.
    Siobhán Ní Sioctháin
    Baile-na-Cille,
    Glean-Beithe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Siochtháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na Cille, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Miceál Ó Siochtháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    Baile na Cille, Co. Chiarraí