Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)

Suíomh:
Raheen, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peig, Bean Uí Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Ráithín (C.) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 073

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

11.
Cearúil Ua Dálaigh (airís)
Chuaidh Cearúil Ua Dálaigh, sagart agus bacach a’mhála isteach i dtig tábhairne lá agus d’óladar deoc le fear a’tighe. Bhí deich sgillinge le ndíol acu tar éis an óil agus d’eirigh aighneas eatortha feachaint cé acu ba mhó a ndíolfadh as. Tar éis dóibh bheith ag cainnt is ag cnáimhseáil, is ag cadaráil níor fhéadfaidís an cheist do réidhteach. Bhí aithne acu ar Cearúl agus bhí fhios acu go raibh féith na filidheachta air agus dubharadar go gcaithfeadh Cearúl an cheist do réidhteach.
Seo é an socrú a dhein Cearúl:-
“Coroin le díol ag fhear mhór an bhrannda, trí sgillinge ag fear na h-eaglaise sainnte; dá sgilling ar fear an mhála agus an cuid eile ar Cearúl Ua Dálaigh.”

Faisnéiseoir
Seán Ó Conaill
Inscne
fireann
Aois
76
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
An Bearnas, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge

111.
Timcheall fice blian ó shoin do bhí fear agus a bhean in a gcomhnuidhe i bPort-Láirge agus lá amháin bhí cearc acu i gcóir an dinnéir agus bhí argóint mór eatortha feachaint cé acu dhíobh a bhfaghadh an chuid is mó í. Le na linn sin cé thagfadh isteach an doras acht Cearúl

(leanann ar an chéad leathanach eile)