Scoil: Loch Coiteáin (uimhir rolla 10049)
- Suíomh:
- Drom Mhic Bháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Coiteáin
- XML Leathanach 280
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- PósaitheSan inid is mó deineann daoine na h-áite seo do phósadh. De réir na sean-daoine bhíodh mí-ádh éigean ag gabhail le daoine a phósfaí í Mí na Bealtaine. Má pósfair í Mí na Bealtaine beidh cathú ort. Tá piseóga fé leith ag gabhail le pósadh. Síltear nách mbeadh aon rath ag beirt a bhuailfí le socraidh ar slighe dóibh chumh an t-seipéil nó ar filleadh abhaile dhóibh thar éis bheith pósta. Síltear leis gur mhaith an chomhartha é don bheirt an grían do bheith ag taitneamh go soillseach lá an phósta.
Deintear cheamhnaisí san comharsanacht seo. Síad tuismightheóirí is cáirde na beirte a dheineann an cleamhnas. Nuair a bhíonn sé ar intinn ag fear a ingean do chur i gcríc cuireann sé cara le cunntas cleamhnais dá rogha bhuacalla.
Stócach a gláodtar ar an nduine a théigheadh leis an dteactaireacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- John Looney
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort Droma Ciarraí, Co. Chiarraí