Scoil: Loch Coiteáin (uimhir rolla 10049)

Suíomh:
Drom Mhic Bháin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Shúilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0454, Leathanach 281

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0454, Leathanach 281

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Coiteáin
  2. XML Leathanach 281
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    seo. Fadó riamh téigheadh sé ar mhuin capaill is ní i ngan fhios don sáoghal a téigheadh sí. Má ghlacfaí leis an gcunntas teangmhálfadh muinntear na beirte lá fé leith i dtig fé leith chumh an cleamhnas do dhéanamh. Béidís ag cur is cúiteamh i dtaobh spré is an stuic is nafheirme.
    Má réidhthigheann síad ar an ceisteanna súd – bíonn oidhche mhór aca cumh caoí don bheirt, aithne do cur ar a chéile. In a dhiaidh sin – téigheann síad go dlígheadóir éigin cumh bannaidhe an phósta do shighniú. Bíonn ar an mbeirt turus do thabhairt ar an sagart cumh lá is am an phósta do socrú. Bíodh bainis ag lánamhain nua-phósta fado act ní bhíonn anois act ag na daoine ba shaidhbhre. Anois, lá a bíonn ag cáirde na beirte is téigheann an bheirt ás baile ar mhí a meala.
    Fado deintí daoine do pósadh in a dtig féin. Tagad an sagart is cuireadh sé fé cuing an phósta íad in a dtig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    John Looney
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort Droma Ciarraí, Co. Chiarraí