Scoil: Loch Coiteáin (uimhir rolla 10049)
- Suíomh:
- Drom Mhic Bháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Arán – Stampaí deintí fadóFaigtí prátaí úra is deintí iad do nigheadh go maith. Ní deintí an croiceann do bhaint díobh. Deintí iad do sgriobadh ar an ngrátaer. Faightí piosa eadaig glan is cuirtí an pulp isteac an is deintí iad d’fháisgead go maith cum an t-uisce do baint as. Cuirtí isteac sa mhíosa é is deintí é do fionnadh le na lámha mar a deintear leis an plur indiu. (Cuirtí ghráinne salainn ann). Deintí cruim é i bhfuirm císte. Faigtí leac mhór glan-réidh. Faigtí crann ráin-bloc adhmaid is trí cosa fé-díreach mar d’fhás ar an gcrann é.
Cuirtí an císte ar an leic. Níor ceanglaigheadh sí leis an leic mar bhíodh sé fliuc. Cuirtí an leic in a seasamh i gcoinnibh an crann maide ós comhair teine dearg cum na císte do bhácáil. Deintí an léac d’iompáil de réir is a bhíodh an císte ag cruadhactaint. De réir is a triomuigheadh sé bíodh sé ag sleamhnú den leic diad ar ndiag. Annsan deintí an taobh eile d’iompáil cum an teine. Nuair a bhíodh an taobh sin chruaidh bíodh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mrs T. O' Shea
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mucros, Co. Chiarraí