Sliabh Mangartan Tá sliabh árd ar an dtaobh theas de’n scoil ar a dtugtar Sliabh Mangartan. Tá a barr agus a guailne clúduighthe le fraoch is le h-aiteann is nuair a fheóchainn siar siúd tagann dath ruadh ar shlinneánaibh an chnuic. Annsan féachann sí mar mhoing ruaidh is sin é an cúis a tugadh Mangarta uirthe - Mong Ruadh.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »
Torc Tá sliabh árd gharbh díreach ar an dtaobh theas de Loch Léin. Torc a ghlaodtar ar an tsleibh sin. San t-sean aimsear bhíodh na muca fiadhaine go flúirseach san áit agus sin é an fáth a tugadh Torc mar ainm ar an tsléibh.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »
Muc Rois Tá Ros ar an sliabh dtaobh thuaidh na sleibhe ain, air a nglaodtar Muc Rois, ar an gcúis chéadna – go mbíodh na muca fiadhaine go flúirseach ann.
T OShea
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »