Scoil: Loch Coiteáin (uimhir rolla 10049)

Suíomh:
Drom Mhic Báin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Shúilleabháin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Loch Coiteáin | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0454, Leathanach 267

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sliabh Mangartan
Tá sliabh árd ar an dtaobh theas de’n scoil ar a dtugtar Sliabh Mangartan. Tá a barr agus a guailne clúduighthe le fraoch is le h-aiteann is nuair a fheóchainn siar siúd tagann dath ruadh ar shlinneánaibh an chnuic. Annsan féachann sí mar mhoing ruaidh is sin é an cúis a tugadh Mangarta uirthe - Mong Ruadh.

Torc
Tá sliabh árd gharbh díreach ar an dtaobh theas de Loch Léin. Torc a ghlaodtar ar an tsleibh sin. San t-sean aimsear bhíodh na muca fiadhaine go flúirseach san áit agus sin é an fáth a tugadh Torc mar ainm ar an tsléibh.

Muc Rois
Tá Ros ar an sliabh dtaobh thuaidh na sleibhe ain, air a nglaodtar Muc Rois, ar an gcúis chéadna – go mbíodh na muca fiadhaine go flúirseach ann.

T OShea

Faisnéiseoir
T. O' Shea
Inscne
fireann
Seoladh
Mucros, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge