Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreabhach bhocht ann fadó agus bhí aon ingean amháin aice. Ní raibh le nithe aco agus gabháiste agus salann. Aon lá amháin do bhuail duine uasal chúca isteach agus d'fíarr sé ar an mbhaintreabhigh é d'fágaint istig i gcóir na h-oidhche. Dúbhairt an mbhaintreabhach go bfághfhadh & fáilte.
Tráthnóna lár na mháireach do bhuail an duine uasal chúca isteach arís agus giarrfhiadh breágh mor aige. Do bhuaileadar síos an giarrfhiadh ag beirú agus d'itheadar a ndóghaint do. Sa deire d'fíarr sé ar an mbhaintreabhig an dtabharach sí a h-ingean do le pósadh agus dúbairt sí do dtabharach. Do fhan sé sa tig le na gcois ar feadh seactaine. Annsan dimig sé féin agus a bhean ar capall íalaithe.
Do bhíodhar ag imteach leo riamh is chóiche nú go dtánadar go dtí geata mor. Do léim an capall an geata agus do stadh sé go hobann ar aghaidh tigín beag tuighe amach. Dúbhair an fear leis an mbean teacht anuach don gcapall agus má bhí aon phrátha fuar istig é dh'ithe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ruiséal
- Inscne
- Fireann