Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí lámhna i mbhaile an Fhianaig fadó agus ní raibh aco ach aon mhach amháin. Aon lá amháin dimig an lámhana go dtí an mBaile Mor & dfághadar istig an mach i mbun an Tíghe. I gceann tamail don lá chuir sé sgléadh prátaí i beirú. Táinig buacaillí an bhaile isteach chuige agus dfíarradar air dul ag imirt Peile i aonact leo. Do chuaidh agus dfág sé na prátaí ar an dteine na dhiaidh.
Thugadar an lá go léir ag imirt agus nuair a tháinig an tráthnóna tháinig se abhaile agus chí na prátaí leighthe leachta ar an dteine agus chí an cráin (much) ag ithe poll práthaí a bhí sa ghort. Do thug sé fén gcráin le cloch agus do bain sé marbh bhanbh aiste. Thug sé fúithe le cloch eile agus do bhain sé banbh eile aiste agus sar ar stad sé bhí trí nú ceathair de bhanbaí bainte aiste aige.
Annsan bhí eagla air fannacht istigh i gcóir na hoidhche ar eagla go marbóchadh a atair agus a máthair é nuair a thiocfaidhís abhaile agus sé rudh a dhein sé ná imteact ar go bfaghadh sé tig eile agus go bfannach sé ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seamus Ruiséal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí