Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bí Rí ann fadó agus bhí sé na chómhnaidhe cois na fairrge. Aon lá amháin chuaidh sé féin agus a thriúr mach síos go dtí an dtráig. Ní fada a bhíodar ann nuair a dúbhairt an Rí le na triúr mach go raghadh sé féin a choladh agus fannacht dhá fhaire agus gan é a dhúiseacht nú go ndiúsócadh sé féin.
Do thuit an Rí dhá coladh agus ní fada a bhí sé na coladh nuair a chonnaich an triúr mach an bhádh chucha isteach. Níor mhaith leo a nathair a dúiseacht toisch go ndúbhairt sé leo gan é dhúiseacht. Tháinig an bhádh isteach an an dtráig agus táinig fear amach aiste agus do siubhal sé suas go dtí an Rí. Nuair a chonnaich sé an Rí na coladh do bhuail sé lé buile sa phus é agus bhain sé trí cínn d'fhiacala as. Do bailig sé cuige na trí chínn do fiachala agus léim sé isteach na bhádh agus thug sé bhárr a choise dí agus chuir sé seacht chéadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seámus Ruiseál
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí