Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 131

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 131

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 131
  3. XML “Conas mar a Fuair Brian Bean”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear air an gColchán dubh fadó agus sé an tainm a bhí air na Brian. Théighead sé air an gCorán gach aon oidhche ag imirt chártaí agus bhíod sé ana dhéanach nuair a thagad sé abhaile.
    Aon oidhche amháin dá raibh sé ag teacht abhaile agus é ag deanam air bhara an Mháma do chonnaic sé ceathrar fear agus cómhra air a ngualainn aco. Chómh luath agus a chonnaiceadar Brian d'fhágadar an chómra na ndiaidh ar an mbóthar agus tháinig Brian i naice leis an cómhra. Bhain Brian an clúdac dí agus leath a shúile air nuair a chonnaic sé cailín breágh óg istig sa chómhrainn agus í na beathaid.
    Chuir sé an clúdhac air an gcómhra aris agus thug sé leis abhaile í go dtí na mháthair í. Thóg sé amach as an gcómhra an cailín óg agus dfiarfhaid a mháthair do cá bhfuair sé í agus dúbhairt Brian "Fuaireas ó Dhia í mar a fuair Brian bean. Gach éinne a bhuailfhead leis thugad sé an freagra ceadna ortha. Cailín dathamail a bead í acht aon
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Maoileóin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    84
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Saor (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Clochán Dubh, Co. Chiarraí