Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 132

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 132

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 132
  3. XML “Conas mar a Fuair Brian Bean”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    locht amháin a bhí uirthe" ní raibh aon fhocal cainnte aice. An oidhche a bhí chúgainn chuaid sé ag bothántaoidt aris agus dfhág sé an cailín óg i bhfochair a mháthar. Ar a theact abhaile do í naice le Cathair Deargháin bhuail leis lios agus chualaid sé ceann des na sídeóga dhá rádh. Dá mbead an biorán suain a bhí thiar na cúl á tharrac agus deoch den choraint a bhí air an mbórd so a thabhair le nól dí go mbead sí chóm maith is a bhí sí riamh.
    An chead oidhche eile a bhí chúgainn bhí Brian ag teacht abhaile ós na botháin agus chuaid sé isteach sa lios agus ghoid sé an choraint ón mbórd agus thug sé abhaile go dtí an gcailín óg é. Thug sé braon den choraint dí agus thairg sé an biorán suain as a cúl agus tháinig a cainnt dí agus bhí sí chómh maith le aon bhean sa dúthchaig.
    Seachtmain ón lá san chonnuiceadar chúca an Cóisdi agus dhá chapall fé agus cé bhead ann ná Rí aníos ó lár na hÉireann é féin agus a bhean mar bhí sé ins na páipéiri nuadhacta go léir "An bfeachaid éinni a leithéid seo de chailín óg agus chuir Brian scéala chúca go raibh sí aige féin. Chuir Brian na mílte fáilte roim an Rí agus dinnis an Rí dho gurbh iad na sideóga a ghoid í. Bé crioch an scéile gur thug an Rí Brian agus a mháthair leis go dtí na tigh fhéin agus pósfhad Brian agus an ingean & mhaireadar go lán tsásta as san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Maoileóin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    84
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Saor (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Clochán Dubh, Co. Chiarraí