Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 153

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 153

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 153
  3. XML “An Bhaintreach agus an Duine Uasal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a chuaidh sí isteach ní raibh istig roimpe ach tig fuar follamh gan teine gan teas ach bhí seana-leabhaidh beag tuige sa chúinne.
    Nuair a tháinig an oidhche do chuadhar a choladh agus ní rabhadar i bfadh na gcoladh nuair déirig an fear agus fuair sé a chuiththe agus a capall agus seo leis go dtí an roilg. Do bhrat an bean ag eirigú é & do lean sí go dtí an roilg é agus chuaidh sí i bfollach i naice leis an roilg ach cadh a bhí ach an fear agus é ag tarrach na ndaoine marbú aníos as na h-uaigeacha agus é féin agus a cuitthe á neithe.
    Nuair a tháinig an fear abhaile bhí an bhean sa leabaidh roimis ach fuair sé ana fuar í ach ní labair sé aon rud léi. Ac lár na mháireach dúbhairt sé go ragadh sé agus go dtabharach sé leis an mbaintreabhig. Nuair a bhí sé tamall ó dtig do chuir sé culaith mná ar féin agus i gceann tamall do lá do bhuail sé chuíce isteach. Cheap an bhean go bí a máthair a bhí ann.
    "Nach olch an bóthán atá agat ar seisean. Is olch arsan bhean mar is é an áit a théigheann an fear atá agamh-sa gach oidhche ná go dtí an roilg agus tairrigheann sé aníos na daoine marbú agus itheann sé féin agus a cuithte iadh. Anois atán tú agamh ar seisean agus bhuail sé buile do dtuat uirthe agus mairbh sé i agus dith sé féin agus a madraidhe í.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0363: The Vampire
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ruiséal
    Inscne
    Fireann