Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 025
- XML “Fear Dhún Chaoin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seo gainne ann arsa an bhean. Chonnac arsa fear Dhún Chaoin agus tá sé go maith mara mhbeadh ná fuil aonídh lé nitthe aige ann. Ó mhúise arsa a bhean tá feircín mhaith imi annso sa tsiopa agamsa a fuaireas ó chiadhniamh agus tá sé fresálta agus bearra dhuit é bhreith chuighe.
Deafhadh agus míle fáilte arsa fear Dhún Chaoine agus bhuail chuge a fheircín imí agus ghaibh amach Chuaidh sé isteach i dtig eile agus fiarreadh do as é agus dúbhairt sé gur anois díreach a tháinig sé ó neamh. Bhiúise arsa sí an bhfeacís Tómásín seo againne ann arsa bean an tíghe. Connac ar sé níl aon oidhche ná go mbíonn sé féin agus Seánín ag cainnt agus deir sé go dtabhairfhidh sé turas anuas an Samhradh seo chúghainn.
Níl aon asba ar Sheánín ach ná fuil púinn leis na prátaí aige agus níl aon eadach maith air leis agus dúbhairt sé liom a rádh leatsa rud éigin a leigeant chúige a íosfhadh sé leis na prátaí agus má bheadh aon phíosa iadaig agat é leigeant chuige leis. Tá arsa sí píosa breóigh bagúin annso agam agus píosa bréide agus an mhbeirfeá chuige iad. Bearfhadh agus fáilte ars fear Dún Chaoin ag bualadh a phíoas bréide agus bagúin isteach fé na chosóg agus ghaibh amach an doras agus é go sásta leis féin. Tháinig sé go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gearóid O Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Ceinnéide
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí