School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 025
- XML “Fear Dhún Chaoin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)seo gainne ann arsa an bhean. Chonnac arsa fear Dhún Chaoin agus tá sé go maith mara mhbeadh ná fuil aonídh lé nitthe aige ann. Ó mhúise arsa a bhean tá feircín mhaith imi annso sa tsiopa agamsa a fuaireas ó chiadhniamh agus tá sé fresálta agus bearra dhuit é bhreith chuighe.
Deafhadh agus míle fáilte arsa fear Dhún Chaoine agus bhuail chuge a fheircín imí agus ghaibh amach Chuaidh sé isteach i dtig eile agus fiarreadh do as é agus dúbhairt sé gur anois díreach a tháinig sé ó neamh. Bhiúise arsa sí an bhfeacís Tómásín seo againne ann arsa bean an tíghe. Connac ar sé níl aon oidhche ná go mbíonn sé féin agus Seánín ag cainnt agus deir sé go dtabhairfhidh sé turas anuas an Samhradh seo chúghainn.
Níl aon asba ar Sheánín ach ná fuil púinn leis na prátaí aige agus níl aon eadach maith air leis agus dúbhairt sé liom a rádh leatsa rud éigin a leigeant chúige a íosfhadh sé leis na prátaí agus má bheadh aon phíosa iadaig agat é leigeant chuige leis. Tá arsa sí píosa breóigh bagúin annso agam agus píosa bréide agus an mhbeirfeá chuige iad. Bearfhadh agus fáilte ars fear Dún Chaoin ag bualadh a phíoas bréide agus bagúin isteach fé na chosóg agus ghaibh amach an doras agus é go sásta leis féin. Tháinig sé go(continues on next page)- Collector
- Gearóid O Cinnéide
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry
- Informant
- Tomás Ó Ceinnéide
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry