Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 135
- XML “An Snámhadóir Cliste”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tháinig mé sa gchuan agus shíl mé go dtiocfainn suas leí ar seisean.
Cheap an captaoin gur ait an snámhadóir é agus an fhaid amach sa bhfairrge a bhíodar. Níor iarr sé aon airgid air acht thug aire maith dhó gur shroich siad talamh bán. Chuir sé fógra amach annsin go raibh snámhadóir thar cionn aige.
Tháinig snámhadóir eile a bhí i Meiriocha chuige agus bhíodar le rása mór a rith agus bhí suim mór airgid ad dul do'n té a gnóchóchadh. Fuair an tÉireannach píosa mairt agus sgian mór agus cheangal ar a thaobh le róipín iad. Nuair a chonnaic an Meiriocánach é sin d'iarr sé do'n cén gnó a bhí aige dhí. Dubhairt sé gur le haghaidh ithe é. “Agus cá bhfuil tú ag dul” ar seisean “Táim ag dul go hÉireann” d'freagair sé. “Bheul más mar sin atá an sgéal, níl aon gnó agam leat ” arsan Meiricánach agus thug sé suas.
Bhí gruaidighthe ag an Éireannach agus fuair sé a lán airgid. Chuir sé cuid mhaith de sa mbannc agus chuir sé cuid mhaith de abhaile. Bhí fáilte agus fiche ag a bhean agus ag a clann roimhe agus gléas sé go maith iad agus bhíodar saidhbhir sathach araon uaidh sin amach.
Cáit Seóighe
Tabhnalín
Fionnmhuighthe, An Fháirche- Bailitheoir
- Cáit Seóighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe