Amhrán Mháirtín Mhóir
Bliadhain go Samhain seo seadh déanadh an chreach úd.
Ní amháin ar Ghaillimh achth ar chuile thír.
Nuair a sgiob an bás uainn an sean-fhear álainn
Is go bé sin Máirtín Mór a bhí ina TD
Nuair a chuaidh an sgéal brónach seo ar fud na háite (bhí lag)
Bhí lag is láidir ar a ndolás faoi
Mar bhí a gcaraid cáillte aca a thógfadh láimh leo
I ngach chruaidh-chás dá dtéidís thríd
Tráthnóna Dia Domhnaigh seadh tógadh amach é
As a phálas álainnn mar ar chaith sé a shaoghal
Is d'fhág sé a dheirbhsiúr bhocht go buardhartha cráidhte
Ní indiu ná a mbárach achth chuile lá choidhche
Bhí a dhearbhráithair Tomás ann go buadhartha cráidhthe
Is an dochtúir Michil is beag nár bhris chroidhe
Bhi Máire Ní Mháille ann an óigbhean álainn
Is le cumha i ndiaidh Mháirtín ní mhairfid sí
ii
Lár na bhárach bhi Aifreann árd air.
(leanann ar an chéad leathanach eile)