Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)

Suíomh:
An Droim, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ó Concheanainn

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Druim | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 055

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tagann lá Fhéil Sin Seáin ar an 24adh de mhí Meitheamh. Bíonn na barranta fásta agus bíonn fataí nua ar fághail.

Tá nós ag na daoine ag cur teine cnámh suas in-onóir do Naomh Seán. Téigheann cupla duine thart an tráthnóna sin agus bailigheann siad pingneacha le h-aghaidh ola mhór. Bíonn cupla duine eile ag déanamh liathróidí le málaí. Nuair a thagas an oidhche faduigheann síad teine ar chnocán agus cuireannsiad cupla cnámh isteach ann. Líonann síad soitheach le ola mhór agus tiomaun síad na liathróidí síos ann. Annsin lasann siad iad agus caitheann siad san aer iad. Bíonn siad ag cur liathróidí san aer mar sin ar feadh na h-oidhche. Nuair a bhíonns siad ag imtheacht tugann chuile dhuine splannc leis.

Teanga
Gaeilge