Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 018
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mé íoc-shláinte dhuit, mo shlaitín draoidheachta agus mo chlaidhe[amh] solais. "Cá bhfuil an claidheamh solais"? adeir sé. "Tá sé faoi an mbuicéad sin tháll." Chuaidh sé anonn agus fuair sé é. "Cé bhfuighfe mé faobhar mo chlaidhimhe?" Féach faoi'n mblucán si[n] tháll é. Ní fheicim blucán ar bith ann níos mó ná do bhlucán mór féin, dá chur ag crónán ag dul suas agus ag feadghail ag dul anuas. Dá bhfaighim-sé mé féin ar mo cholainn féin lán na bhFiann ní chuirfeadh anua[s] mé. Ní le é sin a dhéanamh leat a leig mise anuas thú. Chuir sé géagán gan chrann isteach fríd a dhá chlia[bh] agus tharraing sé ina dhiaidh é. Bhí an bhean ag iarraidh an fear a chongbháil in-éinfeacht leí féin agus dubhairt sé na[ch] bhfanfadh go dtiocfadh sé go dtí an fathach eile. Thug sí béile maith dó ar maidin nuair a [bhí] sé ag dul go dtí an fathach eile. D'imthigh sé leis annsin agu[s] bhí sé n-am dinnéir lár na mhárach nuair bhí sé ag tea[ch] an fhathaigh. Bhí fáilte mór ag an dara bhean roimhe agus th[ug] sí suipéar maith dó. Sgearr go dtáinig an fathach eile agus leath na coille aniar ar a dhruim aige. Futh, fágh, féasóga[ch,] fághaim baladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh, is mór liom g[o] greim thú agus is beag liom go dhá ghreim thú. Níl fhios agam céa[rd] a dhéanfas mé leat mara gcuirfidh mé go seadóg san aer thú, nó faoi mo chosa sa lathach. Tharraing sé a tsrian agus shíl sé taobh an tighe a bhualadh ar a chéile. Chuir Pronns William cois an taobh seo agus cois an taobh eile agus choingbhigh sé amach é. "B'fhéidir duit a bheith an do bhuachaill mhaith" ars an fathach. "Beidh fhios agat-sa go bhfuilim", arsa Pronns William. Nuai[r](leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micheál Ó Coighin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Coighin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. na Gaillimhe