Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 098

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 098

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 098
  3. XML “Doirín idir Páirc agus Gort Mór Ros Cathail, Contae na Gaillimhe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí troid idir muinntir Conghaola agus muinntir Conchubhair i dtaoibh talmhan fadó. Bhí duine de mhuinntir Conghaola 'na mhanach in Anach Cuain agus chuir sé a mhallacht ar mhuinntir Conchubhair. Marbhuigheadh beirt nó trúir de mhuinntir Conghaola san gcath. Bhí leach san áit ag Doirín ar thuiteadar agus gach uair a bhreachadh duine de na Conghaola an leach sin gheibheadh Concubghaireach bás.
    Lá dá raibh an dá chlann ag teacht abhaile ó'n aonach d'éirigh argóint eatorra.
    "Breacfad an leacín bréagach nuair a thiochfas tú abhaile. Bí cinnte go mbreacfad" arsa duine de na Conghaola. Rinne sé amhlaidh agus fuair an Conchubhaireach bás an mhaidin dár gcionn.
    Mharbhuigh na Conchubhairigh trúir de mhuinntir Conghaola agus iad ag teacht abhaile ó Anach Cuain tar éis cuairt a thabhairt ar an manach.

    Oliver Carter
    Carramore Knock, Rosscahill.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
      2. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Oliver Carter
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú Mhór an Chnoic, Co. na Gaillimhe