Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 078

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 078

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 078
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhíodh trí béilí aca annseo fadó díreach mar atá anois - an breicfeasta, an dinnéar agus an suipéar.
    D'éirigheadh na daoine ag a sé a chlog agus theigidís amach ag obair agus iad ag trosgadh. Ag a naoí a chlog thagaidís isteach i gcóir an bheicfeásta. Bhíodh leite déanta de mhin buidhe aca i gcóir an béile seo. Uaireannta bhíodh fataí aca.
    Ní ólaidís mórán bainne an tráth sin mar ní bhíodh acht bó amháin ag gach feilméar. D'ólaidís bainne na ngabhar agus chuiridís bainne na gcaorach trí na fataí nuair a bhídís bruithte agus briste suas. Bláthach is mó d'ólaidís.
    Bhíodh an dinnéar aca ag a dó a chlog. Fataí agus muga bláthaighe a bhíodh aca. Nuair a bhíodh na fir ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge