Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 018
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh na Muc
- XML Leathanach 018
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuireann m'athair fataí gach bliadhain í mí Aibrean. Ullmhuigheann sé an talamh 'na gcóir, tamall roimh-ré. Ceannuigheann sé leasú sa siopa agus scaipeann sé ar an talamh é.
Treabhann sé agus fuirsigheann sé an talamh ar dtús. Déanann sé iomairí. Más san ngáirdín a chuireann sé iad bíonn air an talamh a romhar léis an ramhainn mar tá sé ró bheag leis an gcéachta a úsáid ann. Is as iarann atá an céachta déanta anois cé go mbíodh cinn adhmhaid annseo fadó. Ceannuigheann m'athair an cuid iarainn d'en ramhainn agus déanann sé crann é féin agus cuireann isteach ann é.
Gearann mo shean-mháthair na síol-fataí. Is le sgín a gearrann sí iad. Fágann sí súil i ngach píosa agus is as an tsúil sin a fásann an fataí nua.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe