Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 103

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 103
  3. XML “Oíche na Gaoithe Móire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche na Gaoithe Móire 1839-
    Deirtear (1) gur sguab an ghaoth ceithre báid as seo léithe, (2) gur sguaibeadh trí cocaí féir as iothlainn annseo agus go bhfuarathas taobh thall de Loch Choirib cuid de, (3) gurbh fhéidir an salann a bhlaiseadh san uisge a sguab an ghaoth léithe ó'n t-sáile cómh fada intíre leis an áit seo.
    1889 - Deirtear go raibh stoirm mhór i mí Samhna na bliadhna sin. Leagadh sgiobóil agus sguabadh féar agus corna chun suibhal agus tásg na tuairisg níor fritheadh ariamh air ó shoin.
    1908 - Ar Aoine an Chéasta dhorchuigh an ghrian ag meadhon-lae. Thuit clocha sneachta go trom agus bhí tóirneach agus teinntreach ann. Bhí sé chómh dorcha sin go mb'éigin do na daoine na lampaí a lasadh.
    1938 - An bhliadhain is fluiche is cuimhin le daoine an cheanntair seo.
    1936 - Marbhuigheadh fear in Ower timcheall trí mhíle as seo le teinntreach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. gaotha (~357)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máighréad Ní Chárthaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Bléan Óráin, Co. na Gaillimhe