Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tagann lucht siubhail go dtí an cheanntar seo go mion minic. 'Siad na daoine cíodna a thagann i gcomhnaidhe. Tagann Muinntir Giollarnáith, Furey agus Ó Raghallaigh. Bíonn cannaí stáin agus mugaí a dhéineann siad féin dhá ndíol aca. Ní bhíonn fonn díolta ortha, mar sin féin, is dóigh liom. Sórt leithsgéal iad na cannaí chun déirce d'iarraidh ó theach go teach. Is fearr leo airgead d'fhághail nó rud ar bith eile. Bíonn bágún, plúr, im, tae agus bainne ag teastáil uatha freisin. Dá mhéid a tugtar dóibh bíonn tuile eile ag teastáil uatha. Bíonn paidir ar bhall ar dteangan acua i gcomhnaidhe do'n duine flaitheamhail - "go méaduighidh Dia do stór nó go bhfágaidh Dia do shláinte agat" "nár lagaidh Dia do láimh" rl.
    Daoine cneasta a bhurmhór. Teighid ar Aifreann nuair a bhíd gar don séipéal. Chuaidh cuid aca fá láimh Easbuig in Uachtar Árd i mbliadhna 1938.
    Bíonn asail, capaill agus cáirr aca. Is minic a bhíonns madraí deasa aca freisin. Cuireann siad campaí in áirde ag an Rinín (?) nó ag Shrue. Codhluigheann siad ionnta sin san oidhche. Bíonn teine aca in aice an bhóthair agus ullmhuigheann siad na béile annsin. Má fhanann siad ró-fhada san áit cuireann na gárdaí ruaig ortha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Madelín Ní Chárthaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Oileabhéar Ó Chárthaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú Mhór an Chnoic, Co. na Gaillimhe