Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 060
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh na Muc
- XML Leathanach 060
- XML “Sráid an Tí Mhóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cúpla céad slat ó'n sgoil tá bóithrín ar thaoibh do láimhe deise ag dul go Cnoch Ferí dhuit. Síos an bóithrín sin a theigheann tú go Sráid an Tighe Mhóir.Bhí teach mór san áit fadó. Ba le muinntir Mháirtín é. Deirtear go raibh an teach lán de thaidhbhsí agus go raibh an deabhal féin ann. Bhíodh torainn éagsamhla le cloisteal ann agus chaitheadh na taidhbhsí na cácaí a bhíodh bácáilte annseo agus annsúd ar fud an tighe. Bhíodh an oiread sin torann ar siubhal ann gur tugadh an "Teach Ropthach" air.Duine ar bith a chídheadh an deabhal gheibheadh sé bás. Deirtear go ndéanadh sé cré de'n arán. Fá dheire dubhairt (léigh) an sagart an t-Aifreann san teach chun an deabhal a ruaigeadh. D'imthigh an deabhal amach tré pholl san mballa agus theip orra 'na dhiaidh sin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraig Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Mhic Donnchadha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe