Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 044
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh na Muc
- XML Leathanach 044
- XML “An tAifreann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá "carraig an Aifrinn" ar thalamh Uí Mhodhráin i bPáirc agus tá ceann eile ag Tobar na Tríonóide i gCluain Móir (ar thalamh an Bhreathnaigh). Deirtí an t-Aifreann 'sna h-áiteacha sin fadó agus in áiteacha uaigneacha eile.
Bhíodh cuid de na daoine ag faire fhaid is bíodh an sagart ag léigheamh an Aifrinn ar eagla go dtiochfadh na saighdiúirí orra i ngan fhios. Duine ar bith a sgeidhfeadh ar shagart gheobhfadh sé £5. Seán Ó Maoldomhnaigh.
Bhí fear annseo Seán Ó Maoldomhnaigh fadó. Tugadh "Sean an t-Sagairt" mar leas ainm air mar gheall ar gur sgéidh sé ar a lán sagart agus deirtear gur mharbhuigh sé sagart uair freisin.
Bhí a shliocht sin air, ámh, mar deirtear gur báidheadh é san gcuid is doimhne de'n fhairrge. Deireann na sean daoine freisin nach bhfuil sé ceaduigthe d'aon duine a bhfuil an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ailís Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Mór, Co. na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe