Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 012
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh na Muc
- XML Leathanach 012
- XML “Déanamh Ciseán”
- XML “Súgáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gnítí ciseain annseo fadó agus gnitear fós iad i dtighthe áirithe.
As bataí cuil is mó a deintear iad. Geibhtear bataí fada agus sáithtear síos san talamh iad i bhfuirm cearcail. Annsin deintear bataí eile do shníomh isteach is amach trí na bataí sin. Cuirtear lámh air annsin. Castar gaid le chéile agus cuirtear ar an gcisean é agus glaoidhtear eiris air. - Nuair a bhíos an féar sábháilte agus cocaí déanta de déantar súgáin le cur timcheall air. As féar a deintear iad. Casann duine an féar i dtreo amháin agus an duine eile i dtreo eile. Ceanglaítear cloch ag ceann agus ag bunn an tsúgáin agus caithtear thar cheann an choca é len a choinneal le chéile.