Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 022
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh na Muc
- XML Leathanach 022
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá gabhar, bó nó dhá cheann, capall nó asal, caoirigh, muca agus roinnt gamhna ag gach duine san gceanntar. Siad na gabhair na h-ainmhidhthe is flúirsighe. Is maith le daoine iad a choinneal mar coinnigheann siad na sgeacha ó bheith ag fás ar an talamh. Bligheann siad iad freisin agus tugann siad an bainne do na muca. Bíonn fonn ar na h-ainmhidhthe seo imtheacht ró fhada ó baile agus mar sin, ceangailtear dha cheann le chéile tré slabhradh a chur thart ar an dá muineal agus é a cheangailt. Ní féidir leo rith go maith annsin. Seift éile atá acha seadh dá chois cliathánach a cheangailt le chéile. Uaireannta tagann fear thart ag ceannacht mionnáin. Díolann na daoine iad ar 2/6 an ceann go minic.
Tá bó ag gach duine agus dhá cheann ag a lán. Tugtar bothán ar thigh na mbó. Ceangailtear na ba le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Mór, Co. na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Maighréad Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bléan Óráin, Co. na Gaillimhe