Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh na Muc
- XML Leathanach 093
- XML “An Leipreachán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal eile fá leipreachán ó Ailís Breathnach, Ros Cathail, Co. na Gaillimhe.Bhí leipreachán ann tráth agus bhí sé 'na chómhuidne fá sgeich ghil. Nuair a bhí cailín óg ag dul chuig an tobar lá chonnaic si an leipreachán seo agus rug sí greim ar a mhuineal air. Bhain sí geit as an duine beag. Labhair sé léithe agus adubhairt go raibh iognadh air go ndéanfadh cailín óg a leitheid de ghníomh gránda. Dubhairt sí leis gan a bheith ag cainnt acht a chróca óir a thabhairt dí nó go sguabfadh sí léithe é agus dteasbáinfeadh sí do'n domhan mór é.
Chuir sí isteach 'na h-aprún é agus ar aghaidh léithe. Dubhairt an leipreachán go mb'fhearr leis siubhal acht ní leigfheadh sí dó sin a dhéanamh. Bhí a dá súil dírighthe air ar feadh an ama. Annsin dubhairt an leipreachán léithe go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Ailís Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cathail Thoir, Co. na Gaillimhe