School: Caladh na Muc
- Location:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Teacher: -

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 062
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caladh na Muc
- XML Page 062
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá 'le Brighde. Tuiteann lá fhéile Bríghde ar an gcéad lá d'Fheabhra. Theigheadh na buachaillí thart le Brighdeog an oidhche roimhe sin. Bhíodh brat bán ar mBrighdeoig agus theigheadh na buachaillí ó theach go teach agus an bhéarsa seo dá rádh aca - "This is St. Brigid dressed in white, Give us a penny in honour of the night".
Sgéal a innsigheas an fáth go bhfuil lá fhéile Brighde roimh lá Fhéile Muire na gCoinneall.
Fadó bhí an Mhaighdin Bheannuighthe ag dul isteach san teampall nuair a chonnaic sí plód mór istigh roimpi. Bhí náire uirthe a dhul isteach annsin. Bhí Brighid i láthair agus thuig sí an sgéal. Céard a rinne sí acht ceithre fiacal is fichead a tharraingt as cliath agus iad a chur suas ar a ceann. Bhí gach duine ag féachaint ar Naomh Brighid annsin agus chuaidh an Mhaighdin Bheannuighthe isteach(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Mhodhráin
- Gender
- Female
- Address
- Ros Cathail Thoir, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Brighidh Ní Módhráin
- Gender
- Female
- Address
- Ros Cathail Thoir, Co. na Gaillimhe