Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 068
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl acht aon cheardtha amháin san gceanntar seo. Is le muinntir Donnchadha i gCarramór an Chnuic é. Teach ceann-tuighe atá ann. Urlár stroighin atá ann. Teine amháin atá ann. Bíonn píc ar an doras.
Seo iad na h-uirlísí a bhíos aige - an inneoin, casúr, ord, teanchair agus builg. Gníonn sé crúidhte capall, céáchtaí, táirgní, bolts, agus rotha iarainn. Deisigheann sé neithe iarainn a bhíos briste freisin.
Bhí beirt gabha annseo fadó i gCaladh na Much - Micheal agus Domhnall Ó Conghaola. Micil Gabha a tugtaí ar an gcéad ainmnighthe. Cainnteoir maith Gaedhilge a bhí ann agus bhí sé i ndon a sgríobhadh freisin. Bhailigheadh muinntir an cheanntair isteach san gceardthain um' tráthnóna agus is annsin a bhíodh sgéalta dhá n-innsint agus nuaidheacht an pharráiste dhá scaipeadh. Micil Gabha(leanann ar an chéad leathanach eile)