Scoil: Caladh na Muc
- Suíomh:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgeich. Rug fear air lá agus thug sé abhaile leis é agus chuir fá chisean é. Bhíodh an fear ag éisteacht leis gach lá ag obair agus "tic, tac, tic ar sibhal aige.
Agus bróigín ar a glún.
Lá amháin bhí an fear seo ana gann in airgead agus d'fhéach sé isteach faoí'n gcisean 'na raibh an leipreachán. D'íarr sé ar an leipreachán an t-airgead abhí aige a tabhairt dó. Dubhairt an leipreachán leis nach raibh le déanamh aige as sin amach acht a lámh a chur fá'n gcisean uair ar bith a mbéadh ganntanas airgid air.
Rinne an fear amhlaidh gach uair ar theastuigh airgead uaidh agus fuair sé mám airgid gach uair. Níorbh fhada gur éirigh sé ana saidhbhear ar fad acht bhíodh an leipreachán i gcómhnuidhe ag iarraidh air é a leigint amach as an gcisean. Fá dheire bhí sé bodhruighte ag an leipreachán agus leig sé saor é.- Bailitheoir
- Ailís Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Mór, Co. na Gaillimhe