Scoil: Caladh na Muc

Suíomh:
Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 058

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 058

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh na Muc
  2. XML Leathanach 058
  3. XML “File a Mhair anseo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí file annseo i gCarramór an Chnuich tráth darbh ainm Seoirse Osborne. B'as an tuaisceart dó i dtosach. Tá neacht dó 'na bheatha fós. Figheadóir do b'eadh é.
    Chumadh sé filidheacht as Béárla agus as Gaedhilge nuair thuiteadh aon rud tabhachtach amach san áit.
    Maidin amháin bhí sicíní ag ithe mine ar úrlár na cistinighe. Tháinig mada mór isteach agus d'ionnsuigh an chearch é. Céárd a dhéanfadh an mada acht an ceann a sgiobadh de'n chirch.
    Chum Seoirse Osborne na líntí seo faoí.

    I

    "Ag tigheacht isteach ar maidin dó,
    Agus Brighidh ag gléasadh bricfeasta dóibh,
    Sgriob sé an ceann gan aireachtáil
    As máthair an dáréag.

    II
    An bhfacha tú nó chonnaic tú
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Oliver Carter
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú Mhór an Chnoic, Co. na Gaillimhe