Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 279
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé síos an simléar é go mall a's go h-aireach. Ní raibh Tomáisín acht cúpla slat síos nuair a bhris an rópa agus síos leis de plimp isteach í lár an luaithridh. Mhusgail an torran a rinne sé sean-fear a bhí in a codhladh. Shnáimh Tomáisín isteach faoi'n leabaidh agus dfan sé ann go socair. D'eirigh an sean-fhear agus las sé coinneall, acht ní fhaca sé aon rud acht acht cat. Nuair connaic an gaduidhe a bhí amuigh an solus, bhain sé as ins na fásgai. Tar éis tamaillín tug an sean-fhear a leabhaidh ar ais agus níor bhfada gur thuit a throm codladh air. Thosuig Tomáisín ag uthamáil faoi'n leabaidh agus caidé do bharamhail a fuar sé acht croiceann bulláin agus é iomlán. Cuir sé an croiceann faoí na asgail agus déaluigh sé amach an doras. Bhí sé an dorca taob amuigh agus ní raibh fhios aige cé'n bealach ba ceart dó a gabháíl. Faoi deireadh thiar thosuig sé ag siubhal agus níor bhfada go bhfaca sé léas beag solus í bfaid uaidh. Tarraing sé ar an soluis sin chomh tapaid í nÉireann, agus do b'féidir leis é, as teach ar imeall coille a bhí an solas ag teacht. Cuaidh Tomáisín cun na fuinneóige agus d'amarc isteach agus céard a chonnaic sé acht triuir gaduidhe in a suidhe ag bord, agus carn mor óir da comhaireamh acú. Cuir sé croiceann an bulláin air féin agus cuir sé a cheann suas(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Craith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Comáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe