School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Cathal Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 211

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 211

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Page 211
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus sé an tainm a bhí air ná feasóg ghorm. Bhí cheithre bhean dhéag pósta aige. An lá seo chuaidh sé at thuairisg bean eile agus tháinig sé go dtí bothán beag. Ní raibh istigh roimhe ach an tathair agus a bheirt inghean agus bhí an mháthair caillte. Sé an tainm a bhí ar na cailíní Máire agus Nóra. D'fiafruigh feasóg ghorm dá n-athair a dtiubhradh sé ceann go no
    o-ingheanacha dhó le pósadh. Dubhairt an t-athair go bhféadfadh sé ceann ar bith aca ba mhaith leis a phósadh. Dubhairt Nóra nac bpósfadh sí féin é. Ach dubhairt Máire go bpósadh sí féin é. Pósadar annsin. Bhí bhainis seacht noidhche agus seacht lá. Nuair a bhí an bainis thart dubhairt an fear go rachaidh sé ar cuairt chuig a muinntir. D'fhág sé eochair le h-aghaidh gach seómra ag a bhean ach eochair aon t-seomra amháin agus dubhairt sé leithí gan dul isteach san seómra sin cor ar bith nó dá rachaid go mbainfide sé féin an ceann dí nuair a tiocfhaidh sé. Dimtigh sé annsin agus nuair a tháinig sé d'fiafruigh sé dí an ndeaca sí isteach san seómra nar ghafad fé eochair aici le naghaidh agus dubhairt sí nach ndeacha. Bheill adeir sé is géarr go mb'fhios agam'sa an ndeachais. Chuaidh sé go dtí an seomra annsin agus chonnaic sé go leor fuil ar áit an eochair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0312: The Giant‑killer and his Dog (Bluebeard)
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Coileáin
    Gender
    Female
    Address
    Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Tomás Ó Coileáin
    Gender
    Male
    Age
    64
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe