School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 279

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Page 279
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé síos an simléar é go mall a's go h-aireach. Ní raibh Tomáisín acht cúpla slat síos nuair a bhris an rópa agus síos leis de plimp isteach í lár an luaithridh. Mhusgail an torran a rinne sé sean-fear a bhí in a codhladh. Shnáimh Tomáisín isteach faoi'n leabaidh agus dfan sé ann go socair. D'eirigh an sean-fhear agus las sé coinneall, acht ní fhaca sé aon rud acht acht cat. Nuair connaic an gaduidhe a bhí amuigh an solus, bhain sé as ins na fásgai. Tar éis tamaillín tug an sean-fhear a leabhaidh ar ais agus níor bhfada gur thuit a throm codladh air. Thosuig Tomáisín ag uthamáil faoi'n leabaidh agus caidé do bharamhail a fuar sé acht croiceann bulláin agus é iomlán. Cuir sé an croiceann faoí na asgail agus déaluigh sé amach an doras. Bhí sé an dorca taob amuigh agus ní raibh fhios aige cé'n bealach ba ceart dó a gabháíl. Faoi deireadh thiar thosuig sé ag siubhal agus níor bhfada go bhfaca sé léas beag solus í bfaid uaidh. Tarraing sé ar an soluis sin chomh tapaid í nÉireann, agus do b'féidir leis é, as teach ar imeall coille a bhí an solas ag teacht. Cuaidh Tomáisín cun na fuinneóige agus d'amarc isteach agus céard a chonnaic sé acht triuir gaduidhe in a suidhe ag bord, agus carn mor óir da comhaireamh acú. Cuir sé croiceann an bulláin air féin agus cuir sé a cheann suas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Craith
    Gender
    Female
    Address
    Cregmore, Co. Galway
    Informant
    Pádhraig Ó Comáin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Cregcarragh, Co. Galway