Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Suíomh:
An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cathal Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Leathanach 164
  3. XML “Tomhaiseanna”
  4. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An fear a ceannuigh é, níor chait sé ariamh é agus an fear a chait é ní fheaca sé ariamh e.
    Freagra Cónra
    Tá teach beag agam agus ní comhnaidheac luch ann agus ní cóireac an méid atá i nGaillimh an oiread fuinneóga atá ann. Freagra Méaracán.
    Bó beg ina seasamh leis an claidhe iteac sí gach a baghadh sí agus ní oladh sí aon uisce.
    Freagra Teine
    Ta sí ort agus ní ulach ort é agus muna a bhfuil sí ort ní bheadh aithne ag aon duine ort.
    Freagra Do ainm.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí ceithre coirnéal i seómra.
    Bhí cat i ngach coirnéal, agus trí cat ar aghaidh gach cat, agus bhí cat 'na shuidhe ar earbaill gach cat. Cé mhéid cat a bhí ann. Freagra Ceithre cinn.
    Chuaidh me amach san ngarrdha
    Bhí ubhlaí ar an gcrann.
    Níor bhain me ubhlaí agus níor fhág mé ubhlaí ar an gcrann. Freagra, Ní raibh ann acht dhá ubhla
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Choileáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Thomás Ó Choileáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe