Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 185
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí píopaire ann fadó. Bhí comórtas ann le ceithre píopaire agus ní raibh fhios acú cérb é an duine a bhfearr. Acht chuaidh píopaire amháin amach agus casadh fear leis taobh amuigh, tá tú búailte anocht a Thomás a deir an fear , tá áthas mór orm go bfuilis. Tar uait infheacht liomsa. Caithimíd a dhul go dtí an teach thiar thall. Siubhal siad píosa fada agus sheas Tomás agus rinne sé stac. Ó siubhal leat a deir an fear tá tú beagnach in aice leis an teach anois. Annsin connaigh Tomás solas agus creid sé na sgéalta. Nuair a bhí siad chomh fada leis an teach chuala siad ceol. Shílteá go bhfuil ceol annseo freisin. Ó tá bíonn ceól annseo go minic a deir an fear. Chuaidh siad isteach agus suidhe siad síos agus bhí an píopaire ag seinnim ceól agus ní raibh focal ann. Nuair a bhí an port thart fóghruigheadh do Tomás go gcaithfadh sé port a sheinnim. Thosuigh Tomás ag seinnim agus nuair a bhí sé ag seinnim an port chuala sé gáire acht ní fhaca sé duine ar bith. Acht nuair a bhí port críochnuighthe ag Tomás ní raibh teach ná píopaire ann, stop Tomás annsin agus ní raibh fhios aige ce'n taobh a racfadh sé leis an mbhóthar mór a fhághail mar bhí sé leis féin agus bhí a mheabhair caillte aige. Sa deireadh chuaidh sé amach ar an mbóthar mór annsin suidh sé síos ar thaobh an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Craith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Comáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe