Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 224
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cat ag siubhal thart ar fud na coillté dhó féin. Lá amhain, ag déanamh a ghoile, nuair a casadh sionnach leis. "Cé'n sgéal é? ars an cat. Níl aon sgéal agam" ars an sionnach ach go gcluinnim go mbeidh fiadach ar an mbaile a mbáireach. Ach is beag an beann ata agamsa uirthi mar fiadach. Is maith an gadhar a bhfearas ormas mar gur abh iomda bealach agam le cor a cur air. Níl cleas da bhfaca tú ariamh nach feidir liom imteacht ortha. Más sin atá an sgéal" ars an cat go bfóiridh Dia orm sa níl agam acht a t-aon cleas amhain agus má theipin se sin orm tá mo craipe déanta. Lá ar na báireach nuair táinig na gadhair d'feach an sionnach le teicheadh acht theii air agus rugadar air agus stroiceadar ó chéile é. Níor ba sin dón cat é. Bain seisean amach suar ar bharr crainn agus sin níor fhág sé nó go ndeachaid an ruig tairis. Bhí se shuas annsin i n-a shuidhe ar a sháinimh sógha dó féin ag breathnúdghadh síos ar an tsionnach da dtairrainge ó na chéile síos. Ní fhaca aon duine aon maith ariam nuar a tiocfad air, in nduine ar bith a mbíonn an iomarca gaisgidh gá dhéanamh aige.
- Bailitheoir
- Máire Ní Dubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe