School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha

Filter stories

Back
/ 302 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 224

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí cat ag siubhal thart ar fud na coillté dhó féin. Lá amhain, ag déanamh a ghoile, nuair a casadh sionnach leis. "Cé'n sgéal é? ars an cat. Níl aon sgéal agam" ars an sionnach ach go gcluinnim go mbeidh fiadach ar an mbaile a mbáireach. Ach is beag an beann ata agamsa uirthi mar fiadach. Is maith an gadhar a bhfearas ormas mar gur abh iomda bealach agam le cor a cur air. Níl cleas da bhfaca tú ariamh nach feidir liom imteacht ortha. Más sin atá an sgéal" ars an cat go bfóiridh Dia orm sa níl agam acht a t-aon cleas amhain agus má theipin se sin orm tá mo craipe déanta. Lá ar na báireach nuair táinig na gadhair d'feach an sionnach le teicheadh acht theii air agus rugadar air agus stroiceadar ó chéile é. Níor ba sin dón cat é. Bain seisean amach suar ar bharr crainn agus sin níor fhág sé nó go ndeachaid an ruig tairis. Bhí se shuas annsin i n-a shuidhe ar a sháinimh sógha dó féin ag breathnúdghadh síos ar an tsionnach da dtairrainge ó na chéile síos. Ní fhaca aon duine aon maith ariam nuar a tiocfad air, in nduine ar bith a mbíonn an iomarca gaisgidh gá dhéanamh aige.

Collector
Máire Ní Dubhthaigh
Gender
female
Address
Cregcarragh, Co. Galway
Language
Irish