Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Suíomh:
An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cathal Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 216

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 216

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Leathanach 216
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí buachaill óg in a comhnuidhe í Blascóid agus bhí a athair agus máthair caillte. Bhí sé in a chomhnighe annsin in éinfheacht le a uncail agus a aintín. Nuair a chuaidh sé ar sgoil an céad lá le Peg De Róiste. Nuair a chonnaic an máighistir é do glaoidh suas é acht ní rachaidh sé suas b'eigin do Peg dul suas leis. Annsin d'iarr an maighistir de cé'n t-ainm a bhí air agus d'innis sé é. Lá amháin buaileadh an dorais agus chuaidh ceann do's na buacaillí chuig an dorais, agus cé bhiodh ann acht a uncail, agus a aintín ag fanacht leis go dtabharfadh siad abhaile é go áit dhúthcais, Blascóid. Nuair a bhí sé ag teacht giorra dá áit dúthchais, bhí sé ag iarraidh na ainmneach de's na tighthe. Nuair a bhí sé sa mbaile do bailigheadh muinntir an baile isteach go léír. Bhíodar uile ag cuir fáilte roimhe. Is gearr go raibh minlódéin dá imirt agus bhí na daoine ag damhsadh. Bhí an teach lán le daoine agus bhí siad uile go léir ag féacaint air. Do cas a deirbhreathair cúpla amhrán. Bhí dámhasán agus aimhrameacht ar siubhal go dtí an meadhon oidhche. Annsin do scaipeadar uile abhaile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Neachtain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Seóige
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe