Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 217
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí gaisgidheach ann fadó agus siubhail sé an domhain cóir aon fhear acht níor fuair sé aon fhear agus méid shiubhal sé a bhí chómh mhaith leis féin. Chuala sé cainnt ar Ghruadach an Gleanna Duibhe. Fear mór an-láidir a bhí ins an nGruagach seo. Ní raibh fhios ag an nGaisgidheach cé'n caoí a racfadh sé cuig an fear seo nó cé'n bóthar a thiubharfadh ann é. Bhí sé ag cuir tuairisg acht níor fhuair sé é. Bhí an gaisgidheach ag siubhail leis féin lá agus tháinig éan mór as an aer agus d'árduigh sé leis é. D'árduigh sé chomh h-árd sin é gur caill an gaisgidheach radharc talmhan. Níor stop an t-éan gur thug sé é go dtí an gruadach nó i bhfogus dó. Annsin leag an t-éan anuas go talamh é agus nuair sgaoil sé an greim thosuigh an
t-éan gá creathadh é féin. Bhí fearg ar an nGaisgidheach nuair a tháinigh sé go dtí an áit mar ní raibh eólais aige air. Rug sé ar a claidhim agus mharbhuigh sé an t-éan. Nuair a bhí an t-éan marbh aige chuala sé a lán caoíneadh acht ní fhaca sé duine ar bith. D'fhéac sé uaidh agus chonnaic sé caisleán ar bhruach coille agus tharraing sé air. Nuair a tháing sé go dtí an caisleán bhuail sé ar an ndoras agus tháinig bean óg amach chuige. D'fiarr sí air cé'n t-ainm a bhí air. Dubhairt sé gur Gaisgidheach mór a bhí ann agus gur thug éan mór annsin é. Dubhairt an bhean, "Céard rinne tú leis an t-éan" agus dubhair sé gur bhain sé an cheann de. "Is mór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Craith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Comáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe