Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 198
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rabhas imstócach fásta.
- Bhí bean an fadó agus bhí sí sanntach acht ba mhaith leí ainm na féile beith uirtí. Lá amhain thainigh fear beag o'n sliabh. Fear side do beadh é agus buail sé ar an doras. Chuaidh an cailín aimsire Máire go dtí an doras agus d'fiaruigh sí dí cad a bhí uaidh. "Ó béidh bainfheas againn anocht san dún" ars sé "agus níl ár sáith corcán againn. An féidir leat ceann a thabhairt ar iasacht domh agus béaraidh mé ar ais duit i mbárach é. " C huaidh an cailín aimsire isteach agus dubhairt sí le bean an tighe go raibh beag ag an doras agus gur theastuigh corcán uaidh i gcóir bainfeiste san dún. "Tabhair ceann do ars an bhean. Is maith an rud bheith fial. Thóg Máire corcán breág. Ó ná thabair an ceann sin do ars an bean. Tá corcán eile a bhfuil poll ann faoin mbord agus tabhair é sin dó. Deisigheann na sidhe fir potaí bíonn briste tá fiocha agat agus mar sin ní gád domh raol a tabairt don tinncéir chun é a dheisiughadh." Bhí go maith agus ní raibh go holc. Thug an cailíl aimsire an corcán briste do'n fear béag agus d'imtigh sé leis. Lá ar na bárach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Ulcín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séan Ó Cuilcín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe