rabhas imstócach fásta.Geraldine MerrifieldBhí bean an fadó agus bhí sí sanntach acht ba mhaith leí ainm na féile beith uirtí. Lá amhain thainigh fear beag o'n sliabh. Fear side do beadh é agus buail sé ar an doras. Chuaidh an cailín aimsire Máire go dtí an doras agus d'fiaruigh sí dí cad a bhí uaidh. "Ó béidh bainfheas againn anocht san dún" ars sé "agus níl ár sáith corcán againn. An féidir leat ceann a thabhairt ar iasacht domh agus béaraidh mé ar ais duit i mbárach é. " C huaidh an cailín aimsire isteach agus dubhairt sí le bean an tighe go raibh beag ag an doras agus gur theastuigh corcán uaidh i gcóir bainfeiste san dún. "Tabhair ceann do ars an bhean. Is maith an rud bheith fial. Thóg Máire corcán breág. Ó ná thabair an ceann sin do ars an bean. Tá corcán eile a bhfuil poll ann faoin mbord agus tabhair é sin dó. Deisigheann na sidhe fir potaí bíonn briste tá fiocha agat agus mar sin ní gád domh raol a tabairt don tinncéir chun é a dheisiughadh." Bhí go maith agus ní raibh go holc. Thug an cailíl aimsire an corcán briste do'n fear béag agus d'imtigh sé leis. Lá ar na bárachGeraldine Merrifield