Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 157
- XML “Caint agus Seanchas i dtaobh na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhíonn an gaoth fuar adthuaidh ann sin comhartha sneachta.
Nuair a bhíonn tuar-cheatha ann ar maidin bíonn báisteach ann um tráthnóna.
Nuair a théigheann na géanna fiadhána siar bíonn stoirm agus báisteach air.
Nuair a bhíonn an cat in a shuidhe le h-ais an teine bíonn baisteach air.
Nuair a bhíonn an madra in a codladh agus ag ithe féir sin comhartha báistighe.
Bíonn na lacháin ag sgreadadh nuair a bhíonn báisteach ar an aimsir.
Nuair a bhíonn fáinne thart ar an ngealach bíonn cosamhalacht báisteach air.
Bíonn na réaltóga dorca freisin nuair a bhíonn cosamhalacht báisteach air.
Nuair a bhíonn tuar-ceatha ann um tráthnóna sin comhartha go mbíonn aimsear breágh ag teacht.
Má bhíonn dath dearg ar an spéir san iarthar nuair a bhíonn an grian ag dul faoí sin comhartha aimsear breágh.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní hEóláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padhraigh Ó Comáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe