School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 157

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 157

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Page 157
  3. XML “Caint agus Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a bhíonn an gaoth fuar adthuaidh ann sin comhartha sneachta.
    Nuair a bhíonn tuar-cheatha ann ar maidin bíonn báisteach ann um tráthnóna.
    Nuair a théigheann na géanna fiadhána siar bíonn stoirm agus báisteach air.
    Nuair a bhíonn an cat in a shuidhe le h-ais an teine bíonn baisteach air.
    Nuair a bhíonn an madra in a codladh agus ag ithe féir sin comhartha báistighe.
    Bíonn na lacháin ag sgreadadh nuair a bhíonn báisteach ar an aimsir.
    Nuair a bhíonn fáinne thart ar an ngealach bíonn cosamhalacht báisteach air.
    Bíonn na réaltóga dorca freisin nuair a bhíonn cosamhalacht báisteach air.
    Nuair a bhíonn tuar-ceatha ann um tráthnóna sin comhartha go mbíonn aimsear breágh ag teacht.
    Má bhíonn dath dearg ar an spéir san iarthar nuair a bhíonn an grian ag dul faoí sin comhartha aimsear breágh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní hEóláin
    Gender
    Female
    Address
    Lisheenavalla, Co. Galway
    Informant
    Padhraigh Ó Comáin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Cregcarragh, Co. Galway