School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha

Filter stories

Back
/ 302 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 264

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí rí ins an Domhan Thoir fad ó agus bhí dúil mhór í sgéalaidheacht aige. Bhí inghean áluinn aige agus gheall sé an inghean do fhear ar bith a cheapfadh sgéal nach mbeadh deireadh ar bith leis. Thainig a lán daoine agus thoisigheadar ag sgéalaidheacht ach ní raibh an rí sásta leo agus i n-áit an inghean a thabhairt d'aon duine acha ba e an chaoi ar orduigh sé a gcur, cun báis. Fa dheireadh is fá dheaidh thainig fear chuig an ríg a dabhairt go raibh sgéal iongantach amach is amach aige féin. Dínnis sé dhó go raibh rí mór cumhachtach ann na cianta tairbreadha roime sin agus ar fhaithcíos go dtiocfadh ganntan no gorta ar a thir. Rinne sé gráinseach mhór a raibh méid cnuich inntí agus líon sé an ghráinseach sin iomhlán le cruithneacht. Bhí sé póluighthe os a cionn agus ní raibh uirthi ach póirín amáin nach gcuirfeá isteach do ladhairicín ann leis an aer a leigean isteach ag an gcruithneacht ní túisge a bhí gach rud réidh ag an rígh agus é socair sásta dhó féin na thainig pláigh chuileog chun na tíre bhí an spéir chomh reamhar sin leo gur mhúchadar solus an lae. Níor stadadar go bfuaireadar amach an áit a raibh an cruithneacht. Annsin cuaid ceann aca isteach ar an bpóirín. Thug leí amach gráinne amháin dé'n chruithneacht agus dimthigh

(continues on next page)
Collector
Treasa Ní Craith
Gender
female
Address
Cregmore, Co. Galway
Informant
Máire Ní Craith
Gender
female
Age
79
Address
Cregmore, Co. Galway
Language
Irish