School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 274

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 274

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Page 274
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear darbh ainm Brian in a chomhnuidhe i mBaile Átha Ríogh. Fear saidhbhir a bhí ann. Bhí croidhe aige chómh cruaidh le chloich. Níor thug sé pinghin do duine bocht. Ní raibh aige acht giolla amháin agus ní tabharfadh sé paidhe ar bith do. Is ar éigin a thabharfadh sé a sháith le n-ithe dhó. Bhí faitchíos an domhain ar an ngiolla roime acht tháinic faitchíos air sa deire.
    Oidhche amháin chuaidh an ghiolla amach ins an sgioból agus fuair sé tuadh. Nuair a bhí a mháighistir imthighthe in a chodhladh chuaidh an giolla isteach ins an dteach. Suas an staighre leis go dána agus bhuail sé ag doras a mháighistir. "Tar isteach ", ar seisin "acht cé atá annsin ar chor ar bith". "Tar amach annseo agus bheidh fhios agat cé atá annseo" ars an ghiolla go feargach,
    D'feach an fear amach an doras. Cómh luath agus chonnaic sé an giolla chroch mo dhuine suas an tuagh in áirde" "Bainfidh mé an cheann díot muna dtugfaidh tú céad púnt dom ar an bpoinnte sé" ars an giolla go dána le n-a maighistir. "Ara, ce'n t-seafóid atá ag teacht ort anois a phlaidhche " ars an sean-fhear saidhbhir. "Tabhair dhom an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní hEóláin
    Gender
    Female
    Address
    Lisheenavalla, Co. Galway
    Informant
    Pádhraig Ó Comáin
    Gender
    Male
    Address
    Cregcarragh, Co. Galway