School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 285

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 285

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Page 285
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí cailín darbh ainm Maighreádh Ní Gráinne ina comhnuidhe i gCul Áirne tamall ó shoin. Thárla timpist dí uair amháin agus bhí sí bacach in a dhiaidh sí. Bhí cailín eile sa teach freisin. Driothúir do Maighréad do'b eadh í. Úna an t-ainm a bhí uirthí. Bhíodh sí i gcomhnuidhe ag magadh fé'n gcailín bacach. Acht mar sin féin cailín laghach cineálta a bhí i Máighréad go crosta sanntach.
    Oidhche amháin bhí an cailín in a suidhe chois na teine leí féin nuair a bhí 'chuile duine eile de'n líon-tighe imthighthe in a gcodhladh. Bhi Úna le posadh i gcinn seactmhaine agus bhí fhios ag ag Maidhréad nach bpósfadh aoinne í nuair a bhí sí bacach. Thosuigh sí ag caoineadh go bronach nuair a chuimhnigh sí ar sin.
    Chuala sí buile ag an doras. Tar isteach ar sise. Táinic sean-fear liath isteach sa teach. "Cé'n fáth an bhfuil tú ag caoineadh a chailín óg" ar seisin. Ní raibh Maighréad in ann rud ar bith ar radh, leis an eagla. "Ó, ná bíodh eagla ort anois, buailfidh mise tú leis an slaitín seo agus ní bheidh tú bacach as seo amach" ars an fear. Bhuail sé an cailín leis slaitín draoidheachta agus as sin amach ní raibh sí bacach ar chor ar bith.
    Ní fhaca sí an sidheóg ariamh in a dhiaidh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní hEóláin
    Gender
    Female
    Address
    Lisheenavalla, Co. Galway
    Informant
    Padhraig Ó Comáin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Cregcarragh, Co. Galway